An t-Earrach

An t-Earrach

Is gearr go mbeidh an t- Earrach linn

i dtosach an bhliain nua,

Tá deireadh leis an nGeimhreadh

a tháinig chugainn ró-luath.

Tá smaointe, aoibhinn, deasa againn

is muid a’ breathnú amach romhainn,

A’ súil le aimsir réasúnta

agus ceol na n-éan go suan.

 

Tar éis an Gheimhridh fada

agus báisteach chuile lá,

Is mór na smaointe deasa

nuair a thiocas an lá breá.

 

‘S gearr go mbeidh na feilméirí,

a’ cur an síol faoi’n bhfód.

Le cúnamh Dé beidh toradh as

chun an tír a choinneáil beo.

 

Is gearr go mbeidh na bláthanna

le feiceáil thart faoin dtír

A’ taispeáint an míorúilt dúinn

atá anseo gach bliain.

Mar seo é áilleacht Dé, é féin

Le feiceáil os ár gcomhair,

Ár mbuíochas leat, a Dhia inniu

is chuile lá go deo.

 

This page was added on 10/05/2011.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.